Mír ón gCartlann
Annála Beaga ó Iorrus Aithneach, 04 Deireadh Fómhair 1986
Is mír fuaime í seo ó Saothar Mhic Giollarnáth ar an Raidió, sraith míreanna ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta atá dírithe ar shaol agus ar shaothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth. Liam Mac Con Iomaire ag léamh sleachta as an leabhar…
Na míreanna is deireanaí
Saor-Raidió Chonamara, 17 Aibreán 1976
Cuireann Maidhc P. Ó Conaola clár i láthair faoi Saor-Raidió Chonamara.
Saor-Raidió Chonamara, 17 Aibreán 1976
Cuireann Maidhc P. Ó Conaola clár i láthair faoi Saor-Raidió Chonamara.
Siamsán Maidine, 14 Feabhra 1992
Cuireann Máirtín Mac Donnchadha clár i láthair faoi Saor-Raidió Chonamara, agus labhraíonn sé leo siúd a ghlac páirt, ina measc ; Cristofidas, Tony; Gaora, Piaras Ó - RIP; Kelly, Pete; Lochlainn, Máirín Mhic; Mac Donnchadha, Máirtín…
Saor Raidió Chonamara, 27 Nollaig 2002
Cuid 2 de chlár a craoladh i mí na Nollag 2002. Breathnaítear siar ar an gclár faoi Saor Raidió Chonamara a léirigh Maidhc P. Ó Conaola i 1976.
Taispeántas Coimeádta
Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth
Taispeántas coimeádaithe é Saol agus Saothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth ar Sheán Mac Giollarnáth (1880-1970), an bailitheoir iomráiteach béaloidis. Tarraingíonn an taispeántas ar an tobar domhain d’íomhánna, de théacs agus d’ábhar fuaime faoi Sheán Mac Giollarnáth atá ar an suíomh seo. Breitheamh cúirt dúiche, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis ab ea Seán Mac Giollarnáth. Sa bhliain 1925 ceapadh é ina bhreitheamh Cúirt Dúiche i gConamara, agus d’fhan sé sa bpost sin ar feadh 25 bliain. Le linn an ama seo thug a chuid oibre an deis dó bualadh le cuid de na seanchaithe ba mhó le rá i gConamara agus a gcuid scéalta a bhailiú uathu. Thaifead sé léar suntasach d’ábhar béaloidis, i sraith lámhscríbhinní, mar aon le nótaí agus míniúcháin. Tugtar sonraí sna lámhscríbhinní seo, a bhfuil dátaí idir 1929-1940 orthu, ní hamháin ar na scéalta, na paidreacha, na foclóirí agus na seanfhocail a bhailigh Mac Giollarnáth sa gceantar, ach thairis sin tugtar léargas iontu ar an gcaidreamh a bhí aige leo siúd a chuidigh leis an t-ábhar seo a chruinniú. Bronnadh na lámhscríbhinní ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá siad anois in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. na Gaillimhe. Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní agus rinneadh digitiú orthu agus tá an bailiúchán seo mar bhunchloch anois dár dtaispeántas Saol agus Saothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid mhór den ábhar béaloidis i dtéacsanna ar nós Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936), Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941) agus Peadar Chois Fhairrge(1944) agus mar ailt in irisí ar nós Béaloideas....
Bailiúchán ón gCartlann
Scéalta agus Gnéithe Eile de Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth (Téacs)
Chuir sé Seán Mac Giollarnáth bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ag obair mar bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara (1925-1950). Don bhailiúchán seo, briseadh téacs na…
Cuardaigh de réir Téama
- An Ghaeilge
- An Ghaeltacht
- An Timpeallacht
- Conamara
- Scéalta Pearsanta
- Raidió na Gaeltachta
- Béaloideas
- Polaitíocht
- Cúrsaí Spóirt
- Báid & Bádóirí
- Stair
- Na hEalaíona
- Drámaíocht
- Cúrsaí Sóisialta
- Imirce
- Amhránaíocht
- Filíocht
- Forbairt Shóisialta
- Oideachas
- Litríocht
- Cultúr
- Creideamh
- Seandálaíocht
- Logainmneacha
- Seanchas
- Forbairt Phobail
- Tíreolaíocht
- Na Meáin Ghaeilge
- TG4
- Damhsa
- Ceol agus Ceoltóirí
- Agallamh
- Rath Cairn
- Oileáin
- Caithimh Aimsire
- Scannáin
- Pleanáil Teanga
- Iascaireacht
- Spórt
- Luathoideachas
- Tionsclaíocht
- An Óige
- Mícheál Breathnach
- Dúlra
- Fiadhúlra
- Bás
- Seosamh Ó Donnchadha
- Scéalaíocht
- Nuacht
- Forbairt Pobail
- Johnny Chóil Mhaidhc
- Oireachtas na Gaeilge
- Gnó
- Glór na nGael
- Joe Steve Ó Neachtain
- Cois Fharraige
- Seán Ó Conghaile
- Portaigh
- Ollscolaíocht
- Tíreolas
- Scéalaíocht; Litríocht
- Máirtín Ó Cadhain
- Taisteal
- Coláistí Samhraidh
- Ceol
- Aisteoireacht
- Teilifís
- Cócaireacht
- Scríbhneoireacht
- Pádraig Mac Piarais
- Gaeilge
- Ealaíon
- Cearta Teanga
- Craoltóireacht
- Na Méain
- An tAthbheochan
- Agallamh Beirte