Brabhsáil Míreanna (99 iomlán)

  • Bailiúchán: Glórtha na Réabhlóide: Míreanna Fuaime

Luíochán Scríbe ón Leabhar Mise (29/05/1985)

Ag tús na míre tá Bob Quinn ag léamh sleachta ón gCuradh Connachtach ón 9 Aibreán, 1921. Is tuairisc é ar an méid a thit amach tar éis luíocháin i Scríb.…

Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005)

San eagrán seo den tsraith chlár Ard Tráthnóna labhraíonn Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha le Tomás Ó Máille faoin luíochán mór le rá a…

Luíochán Upton (Gan Dáta)

Déanann Pádraig Ó Snodaigh cur síos sa chlár seo ar an luíochán mór le rá a tharla i stáisiún traenach Gharraí Thancaird (Upton), Co. Chorcaí ar an 15 Feabhra 1921. Roinnt laethanta roimhe sin d’éirigh leis an IRA gunnaí agus piléir…

Máirín Quill ag trácht ar an gCuntaois Markievicz (07/12/1993)

Labhraíonn Helen Ní Shé le Máirín Quill, Teachta Dála i gCorcaigh, faoin gCuntaois Constance Markievicz, an chéad bhean a toghadh i nDáil Éireann. Tá comóradh le…

Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973)

Tugann Máirtín Ó Fátharta tuairisc ghearr ar shaol Choilm Uí Ghaora (1887-1954) as Ros Muc, bunaithe ar an leabhar Mise a scríobh an Gaorach. Foilsíodh é i 1943. Is leabhar é faoina shaol…

Mícheál Ó Mainnín ag Díol na Muc (Gan Dáta)

Labhraíonn Mícheál Ó Mainnín faoin am a ndeachaigh sé le muca a dhíol i dTrá Lí, mí Feabhra [ceaptar gur i mí Márta a tharla an eachtra seo] le linn Chogaidh na…

Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #2 (10/11/1973)

Leanann Máirtín Ó Fátharta ar aghaidh lena phíosa cainte faoi Cholm Ó Gaora (1887-1954), óglach agus scríbhneoir as Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Léitear píosaí ó leabhar an Ghaoraigh, Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na…

Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta)

Labhraítear anseo faoi shaol na nÓglach i gCorca Dhuibhne i gCogadh na Saoirse. Ba é Seán Caomhánach, nó Seán a’ Chóta mar a thugtaí air, a thraenáil na hÓglaigh. Is…

Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003)

Labhraíonn Neans Uí Shúilleabháin, ón nGleann i gCiarraí Theas ó dhúchas, le Máire Ní Chéilleachair. Tá Neans pósta ar Oileán Dhairbhre agus tá a…

Niall Mac Fhionnghaile ag trácht ar an gCogadh Mór (11/11/1993)

Craoladh an clár seo 75 bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar Cháit Nic Giolla Bhríde agus ar Niall Mac Fhionnghaile. Is staraí…