Browse Items (2437 total)
Sort by:
"Bíodh discós ann!"
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní mar scoil a chuimhním ar an seanscoil. Tháinig mé go Cois Fharraige Feabhra '73 agus faoin am sin bhí an bhunscoil bogthaí soir an bóthar. Ach fós féin bhí beocht sa…
Tags: Forbairt Phobail, Oideachas
Pléaráca Chonamara 1991-2011
Meán Fómhair 1991 reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair. Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar an gcéad choiste eagraithe agus ina eagarthóir ar an iris Pléaráca '91. San alt seo caitheann sé súil siar ar an gcéad fhéile a…
Tags: An Ghaeltacht, Cultúr, Na hEalaíona
Cluichí Pobail i gConamara: Ceisteanna agus Freagraí
Is é Donncha Ó hÉallaithe rúnaí an choiste a d’eagraigh na cluichí pobail i gCois Fharraige le dhá bhliain. Tugann sé míniú anseo ar na rialacha agus struchtúir a bhaineann leis na cluichí.
Tríocha Bliain den Údarás (1979-2009): thar am é a leasú
Tá toghchán ceaptha a bheith ann an chéad bhliain eile le Bord nua a thoghadh d'Údarás na Gaeltachta. San alt seo caitheann an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe súil chriticiúil ar an Údarás mar atá agus déanann sé roinnt moltaí faoi na…
Tags: An Ghaeltacht, Forbairt Phobail, Polaitíocht
Anailís ar Ghaeltacht Chonamara
Dá ndéanfaí teorannacha na Gaeltachta i gCo na Gaillimhe a shocrú do réir na gcritéir atá molta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht, ní bheadh de dhaonra fágtha i nGaeltacht na Gaillimhe ach 16,000 duine as an…
Tags: An Ghaeilge, An Ghaeltacht, Cúrsaí Sóisialta
Anailís ar Thoghchán an Údaráis (2005)
Tugtar anseo briseadh síos, de réir boscaí, ar na vótaí a caitheadh i dtoghchán an Údaráis, mí Aibreán seo caite. Tá na figiúirí bunaithe ar na tallies a deineadh ag an gcomhaireamh agus na boscaí á n-oscailt. Níl na boscaí go léir…
Tags: An Ghaeltacht, Polaitíocht
Gorbachev na Gaeltachta: Agallamh le Pádraig Ó hAoláin
Ar na mallaibh, labhair Pádraig Ó hAoláin lena chomh Thiobraid Árannach, Donncha Ó hÉallaithe. San agallamh tráchtann an Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta, ar na hathruithe atá ar bun san eagraíocht fhorbartha agus…
Tags: An Ghaeltacht, Forbairt Phobail, Polaitíocht
Pleanáil agus Teanga i nGaeltacht Chonamara
Ó Bhealtaine 2003 tá iarratais phleanála i gConamara á meas de réir an Phlean Forbartha nua. Sa Phlean Forbartha 2003-2009, tá polasaí raidiciúil leagtha síos faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tharraing na míreanna faoin nGaeilge sa…
Tags: An Ghaeltacht, Pleanáil Teanga, Polaitíocht
Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta - Trumpa gan Teanga
Rinne an eagraíocht Pléaráca stocaireacht leanúnach sna blianta 1997-1999 ar an Aire Éamonn Ó Cuív, ag iarraidh air tascfhórsa a bhunú a dhéanfadh scrúdú eolaíoch fuarchúiseach ar stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thiocfadh aníos…
Tags: An Ghaeltacht, Pleanáil Teanga, Polaitíocht
Agallamh an Phléaráca: An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta
Dhá bhliain ó shoin ceapadh Gearóid Ó Tuathaigh, ollamh le stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. San agallamh seo, a chuir Donncha Ó hÉallaithe air le déanaí, léiríonn sé a dhearcadh ar an…
Tags: An Ghaeltacht, Forbairt Phobail