Séipéal an Chnoic
Dublin Core
Teideal
Séipéal an Chnoic
Ábhar
Creideamh, Stair
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fuair an tAth. Seán Ó Ceannabháin, Sagart Paráiste an Chnoic, bás ar an 1ú Márta, 1840. Bhí sé sean nuair a fuair sé bás ach le tamail roimhe sin bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh seipéal nua a thoigeál ar an Tulach mar nach raibh sa seipéal a bhí á úsáid ar na Creagáin ach bráicín nach raibh in ann dhá scór duine a choinneál. Bhí Bláca an Chaisleáin an-mhór leis an Ath. ó Ceannabháin agus bhí cúnamh á thabhairt acu dhó Ie ballaí an tseipéil a thóigeál san áit a bhfuil Seipéal na Tulaí inniu. Bhí na daoine ag tabhairt aolchloch as Árainn ina gcuid bád agus bhí an Blácach ag dó an aoil thíos in aice leis an gCaisleán.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Seán Ó Mainnín
Foinse
Bailiúchán Biseach
Dáta
1983
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Teanga
ga
Cineál
Téacs
Aitheantóir
BI1983A03
Clúdach Tíreolaíoch
An Cnoc
Tagairt
Seán Ó Mainnín, “Séipéal an Chnoic,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Aibreán 2025, http://amuigh.ie/items/show/1985.