Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht

Dublin Core

Title

Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht

Subject

Scéalaíocht

Description

Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó thús m'óige i mo ghasúirín bheag dhom agus sula ndeacha mé ag aon scoil ariamh bhí sgéalta agam agus an spéis agam thairis sin ionta. Sgéalta grinn, sgéalta sídhe, finnsgéalta, sgéalta beaga a tharla thart sa limistéar a raibh baint aca le féiltí na bliana, le piosreógaí agus le go leór leór d'imeachtaí nádúrtha na ndaoiní agus an cheantair. Ina dhiaidh sin sea thosaigh mé cur suime agus a'teacht isteach ar na sgéalta fada agus ar a'bhfiánníocht. Bhí seisear nó mór-sheisear de shean-seansachaí ar a'mbaile a bhí chomh maith le aon seanchaí ó Chnoc Cathrach na Gaillimhe siar le cósta chomh fada le Tower-Cheann Gólaim. Ní thagadh iabh ortha nó foras ó thráthnóna nó go dtéigheadh an oíche thar druimín, ach a' sgéalíocht go dtí thar éis an mheán-oíche. Ó dá gcloisfeá Pádhraic Pháidín a cur síos ar 'Thuras na Féinne go Crích-Lochlain' nó Beartla Tom ar 'Thriúr Clainne na barr-Sgolóige', nó Seáinín Beag ag innseacht 'Céadhtach Mac Ri na gCor'.

Creator

Tom Phaidi Mac Diarmada

Source

Bailiúchán Biseach

Date

1983

Rights

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

BI1983A05

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/7783e43f6289bcf12cb9a5009aa9a044.pdf

Clibeanna

Tagairt

Tom Phaidi Mac Diarmada, “Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed October 18, 2024, http://amuigh.ie/items/show/1987.