Biseach: Eagarfhocal 2001
Dublin Core
Title
Biseach: Eagarfhocal 2001
Subject
Glór na nGael
Description
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seanfhocal ann a deir gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus níl aon amhras ann ach go bhfuil an seanfhocal céanna flor i gcás caomhnú na Gaeilge i bParóiste an Chnoic. Murach na dianiarrachtaí atá déanta ag daoine agus ag Coistí deonacha thar na blianta ní bheadh an t-aitheantas seo ó Ghlór na nGael tuillte ag pobal an Chnoic i mbliana. Tuigeann an pobal seo gur acmhainn fíorthábhachtach dúinn í an Ghaeilge agus níl i gceist againn í a thréigean. Tharla sé sin i gceantair eile agus tá cuid de na ceantair sin buailte go dona inniu. Ní aon ualach orainn Gaeilge a thabhairt do na glúine atá ag teacht mar ní féidir linn a thomhais cén caillteanas a bheadh ann dá dtréigfí an teanga anois. Tá go leor buntáistí ag an bpobal seo sa lá atá inniu ann - an cultúr, an ceol, an áilleacht atá timpeall orainn, an glaineacht aeir agus uisce, an caighdeán maireachtála &rl. - níl i gceist againn an seoid is luachmhaire atá againn a chaitheamh le haill.
Creator
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2001
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2001A01
Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Biseach: Eagarfhocal 2001,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 22, 2024, http://amuigh.ie/items/show/2049.