Cumann Forbartha Chois Fharraige
Dublin Core
Title
Cumann Forbartha Chois Fharraige
Subject
Forbairt Phobail
Description
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh aon choiste pobail ná cumann forbartha ag feidhmiú i gCois Fharraige i dtús na seascaidí. Tháinig sagart darbh ainm an tAthair Seán de Bláca go dtí an Cnoc in áit an Athair Pádraig Ó Ruadháin S.P., a bhí tinn ag an am. Ba chapall oibre é agus chuir sé roimhe feabhas a chur ar shaol na ndaoine agus cur le háiseanna sa gceantar. D’fhógair sé ón altóir go raibh cuireadh á thabhairt aige do mhuintir an pharóiste le coiste pobail a bhunú. Bhí an chéad chruinniú poiblí faoin ábhar seo sa séipéal ar 6 Márta 1966. Sa séipéal a bhí sé mar nach raibh aon áit oiriúnach eile sa cheantar le haghaidh cruinnithe. Ar an gCéadaoin dar gcionn, an 9 Márta, bhí an chéad chruinniú ag Coiste Chumann Forbartha Chois Fharraige.
Creator
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2006
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2006A04
Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Cumann Forbartha Chois Fharraige,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 22, 2024, http://amuigh.ie/items/show/2173.