An-bhliain i Scoil Sailearna
Dublin Core
Title
An-bhliain i Scoil Sailearna
Subject
Oideachas
Description
Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Oireachtas na Gaeilge Ghlac suas le scór gasúr páirt sna hagallaimh beirte agus sa damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn faoi Shamhain. Bhain chuile dhuine a ghlac páirt an-sásamh as agus d’éirigh le Sinéad Ní Mhaoláin agus Emma Ní Choisdealbha an dara háit a bhaint amach sna hagallaimh bheirte faoi-12. Bhain Mairéad Ní Chonghaile agus Rebecca Ní Fhátharta amach an dara háit faoi-15. D’éirigh thar cionn le Caoimhe Ní Chonghaile agus bhí sí ar ghearrliosta na ndamhsóirí ar an sean-nós. Ghlac sí páirt sa gclár teilifíse “Steip” ar TG4. B’iontach go deo an oiread de phobal na scoile a fheiceáil agus iad gafa, gníomhach agus lárnach in imeachtaí an Oireachtais.
Creator
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2010
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2010A16
Spatial Coverage
Na hAille
Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “An-bhliain i Scoil Sailearna,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 22, 2024, http://amuigh.ie/items/show/2284.