Clár Monitor an BBC 1961
Dublin Core
Title
Clár Monitor an BBC 1961
Subject
Stair
Description
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fágann teacht TG4 gur ar nós chuma liom anois a bhíonn pobal Chois Fharraige nuair a fheiceann siad criú teilifíse i mbun a gcuid oibre thart timpeall an cheantair sin. Mise á rá leat nach amhlaidh a bhí in 1961 nuair a tháinig lucht an BBC chuig teach mo sheanathar Micilín Mháirtín Eoghain Ó Neachtain i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal, áit ar chaith siad dhá oíche i mbun taifeadadh ar chlár de shraith teilifíse darbh ainm Monitor a bhí an stáisiún a chraoladh ag an am. Clár ealaíne ab ea Monitor a craoladh idir 1958 agus 1965. Feicim anois gur Breathnach a raibh Huw Wheldon air a bhí ina cheannas (déanadh ridire dó in 1976) agus b’fhéidir go mba é an ceangal Ceilteach a chuir ina chloigeann siúd in 1961 gur bhfiú clár a dhéanamh faoin gcaoi ar mhair pobal beag Gaeltachta i gceantar a bhí iargúlta go leor ag an am.
Creator
Mártan Ó Ciardha
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2018
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2018A11
Tagairt
Mártan Ó Ciardha, “Clár Monitor an BBC 1961,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed January 11, 2025, http://amuigh.ie/items/show/2394.