Toghchán 1918 i gConamara
Dublin Core
Title
Toghchán 1918 i gConamara
Subject
Stair, Polaitíocht
Description
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag atá ar eolas faoi thoghchán 1918 i gCois Fharraige. ’Sé an peaca é ach, sin mar atá sa gcás seo. Ceann d’éachtaí móra Éirí Amach na Cásca ná cur in iúl do náisiúntóirí na hÉireann go raibh rogha eile ar fáil dóibh, mar ionadaithe pobail, seachas an Páirtí an Rialtais Dúchais. Roimhe sin, níor tuigeadh é sin i ndáiríre cé go raibh mionpháirtithe ar nós Sinn Féin ann. Is annamh a thug na mionpháirtithe sin dúshlán Pháirtí an Rialtais Dúchais. Bagairtí fisiciúla agus eacnamaíochta, easpa misnigh, easpa tacaíochta sna meáin agus easpa infreastruchtúir pholaitiúil chomh maith le tuiscint ar an stádas pobail a bhí ag Páirtí an Rialtais Dúchais. An rud a thug an tÉirí Amach do dhaoine ná an tuiscint go raibh daoine ann a bhí sásta príosún a dhéanamh, troid agus fiú bás a fháil ar son na poblachta (nó saoirse éigin a bhí níos iomláine ná Rialtas Dúchais).
Creator
Cormac Ó Comhraí
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2018
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2018A20
Tagairt
Cormac Ó Comhraí, “Toghchán 1918 i gConamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 21, 2024, http://amuigh.ie/items/show/2403.