Gaibhne i gCeantar an Spidéil
Dublin Core
Title
Gaibhne i gCeantar an Spidéil
Description
Chonaic mé ceárta an tSiáin ag obair thart ar 1950. Chonaic, cé gurb é mo chloch nirt é cuimhneamh siar chomh fada sin. Is cuimhneach liom Tom an Ghabha ag iompar na hinneonach taobh thoir den cheárta. Níl a fhios agam cén meáchan a bhí san inneoin mhór sin ach bheadh sé ag bordáil ar 150 punt meáchain. Fear láidir a bhí ann agus is cuimhneach liom é a fheiceáil freisin ag siúl suas bóithrín na ceártan, tráthnónta tar éis a chuid oibre, é glanbhearrtha, le go n-ólfadh sé cúpla pionta thiar i sráidbhaile an Spidéil.
Creator
Mike P Ó Conaola
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2019
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2019A29
Spatial Coverage
Stair
Tagairt
Mike P Ó Conaola, “Gaibhne i gCeantar an Spidéil,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 21, 2024, http://amuigh.ie/items/show/2462.