Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta
Dublin Core
Title
Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta
Subject
Oideachas; Forbairt Shóisialta
Description
Tá Muintearas, an Togra Oideachais Gaeltachta, bunaithe anois ó 1980. Is i gCeantar na nOileán i gConamara a bhí an togra lonnaithe agus ag feidhmiú ar dtús, ach tá imeachtaí an togra leathnaithe anois chuig ceantair eile i gConamara Carna, Cill Chiaráin, Ros Muc, Camus, Corr na Móna, agus chuig Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Tá Muintearas airgeadaithe ó Fondúireacht Bernard van Leer san Ollainn agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá tograí ag Fondúireacht Van Leer i dtíortha ar fud an domhain. Sí aidhm na Fondúireachta an soláthar oideachais a fheabhsú sna ceantair ina bhfuil a gcuid tograí. Tá suim ar leith acu ról tuismitheoirí in oideachas a ngasúr a láidriú. Leanann Muintearas an fhealsúnacht seo sna scéimeanna éagsúla a reáchtáileann siad. Togra taighde agus forbartha atá ann go bunúsach agus déantar iarracht na scéimeanna a chur in oiriúint do riachtanais an cheantair, sa chás seo do riachtanais na Gaeltachta.
Creator
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
1991
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL1991A15
Extent
2000
Spatial Coverage
Geolocation
Bailiúchán
Tagairt
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991, “Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 21, 2024, http://amuigh.ie/items/show/260.