Comhar Chuigéal Teo.
Dublin Core
Title
Comhar Chuigéal Teo.
Subject
Forbairt Phobail; Oileáin; An Ghaeltacht
Description
Bunaíodh Comhar Chuigéal, sa bhliain 1999, ar éileamh ón bpobal agus mar thoradh ar chruinniú poiblí a eagraíodh chun plé a dhéanamh ar an easpa forbairt agus áiseanna a bhí sa cheantar. Bhí an millennium buailte linn agus é soiléir faraor go raibh an ceantar seo ag dul i ndiaidh a chúil in áit dul chun cinn. Bhí dearmad déanta orainn, ceantar ina raibh pobal le poitéinseal iontach agus acmhainní nádúrtha againn ar leac an dorais. Ba fhurasta labhairt ar na fadhbanna a bhí againn ach bá dúshláin eile theacht ar réiteach orthu. De bharr easpa eolais agus taithí sna réimsí seo, thuig muid láithreach go mbeadh gá againn le cúnamh, comhairle agus treoir le tosú fiú amháin. Tar éis vóta d'aon ghuth déanadh cinneadh, iarradh ar Phól Ó Foighil theacht ar ais sa cheantar agus cuidiú linn. Ghlac Pól leis an gcuireadh agus go dtí an lá atá inniu ann níl aon amhras ar an pobal céanna ach gurb é an cruinniú poiblí sin sa Scoil Náisiúnta a chur Leitir Mealláin ar ais ar an mapa agus a spreag misneach agus muinín an phobail.
Creator
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2008
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
2008
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL2008A03
Bailiúchán
Tagairt
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2008, “Comhar Chuigéal Teo.,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 22, 2024, http://amuigh.ie/items/show/486.